Clár Ábhar
Réamhrá
Is é Comhairle Chontae Loch Garman an príomhúdarás áitiúil i gContae Loch Garman. Cé go bhfuilimid freagrach as forbairt bhonneagar an Chontae, an phríomhfheidhm atá againn ná seirbhís a sholáthar don phobal.
Táimid tiomanta do sheirbhís ardchaighdeáin den chéad scoth a sholáthar dár gcustaiméirí uile. Tuigimid freisin go gcaithfidh an tiomantas sin a bheith ag croílár an fhreagra a thugaimid ar na héilimh a dhéantar orainn a bhíonn ag dul i méid i gcónaí. Tá roinnt feabhsuithe curtha ar chaighdeáin an chúraim a thugaimid do chustaiméirí cheana féin, agus tá sé ar intinn againn leanúint ar aghaidh leis an bpróiseas sin ar bhonn leanúnach.
Cé hé an Custaiméir?
Is iad ár gcustaiméirí baill an phobail a bhuaileann isteach chuig ár n-oifigí i bpearsain, a scríobhann chugainn, a chuireann glaoch teileafóin orainn nó a sheolann ríomhphost chugainn, agus úsáideoirí uile ár seirbhísí, agus an beartas atá againn ná cabhrú leo ar bhealach an‑ghairmiúil.
Tuigimid go bhfuil baill foirne ina gcustaiméirí inmheánacha agus déanaimid gach iarracht a chinntiú go dtugtar an tacaíocht chuí dóibh agus go ndéantar comhairliúchán leo i ndáil le saincheisteanna a bhaineann le seachadadh seirbhísí agus oiliúint agus tacaí do sheirbhís do chustaiméirí.
Ráiteas ar Chaighdeáin
Is eagraíocht dírithe ar chustaiméirí é Comhairle Chontae Loch Garman, agus tá sí tiomanta do na nithe seo a leanas –
- seirbhísí feabhsaithe agus leathnaithe a thabhairt níos gaire do mhuintir Chontae Loch Garman;
- na cearta maidir le cóireáil chomhionann arna mbunú ag an reachtaíocht chomhionannais uile a chinntiú agus freastal ar an éagsúlacht chun cur le comhionannas do gach aon duine;
- bacainní ar rochtain ar sheirbhísí a aithint agus oibriú chun fáil réidh leo;
- feabhas a chur ar cháilíocht na seirbhíse a sheachadtar do dhaoine faoi mhíchumas agus custaiméirí go ginearálta; agus
- timpeallacht chomh-mheasa a chur chun cinn idir muid féin agus ár gcustaiméirí.
Sa Phlean Gníomhaíochta seo um Sheirbhís do Chustaiméirí, leagaimid amach na prionsabail agus caighdeáin maidir le seirbhís do chustaiméirí a bheidh i bhfeidhm ar fud na heagraíochta. Leagaimid amach an nós imeachta chun déileáil le gearáin. Déantar iniúchadh agus monatóireacht iomlán ar na gearáin uile chun gur féidir bearta a chur i bhfeidhm chun fadhbanna a réiteach agus chun feabhas a chur ar sheachadadh seirbhíse.
Seirbhísí Teileafóin
- Cuireann ár dTeileafónaí seirbhís ar fáil idir 9 a.m. agus 5 p.m. Tá seirbhís d’éigeandálaí amháin ar fáil lasmuigh d’uaireanta oifige – 1890 666 777.
- Cuirfidh ár dTeileafónaí do ghlaoch ar aghaidh ag an duine nó roinn chuí.
- I gcás go mbeidh folínte fágtha gan feighil, beidh siad seo cláraithe chun teachtaireacht chuí a thabhairt agus do theachtaireacht a thaifeadadh chun go ndéileálfar leis níos déanaí, é sin nó cuirfear do ghlaoch ar aghaidh ag teileafón a bhfuil duine ann chun é a fhreagairt. Níor chóir, mar sin, go bhfágfaí glaoch ar bith gan freagra.
- Tá uimhreacha díreacha ar fáil (i.e. 919 + folíne) chun nach gá do ghlaoiteoirí rialta dul tríd an lasc-chlár. Má tá folíne an duine nó na roinne a bhfuil rún agat dul i dteagmháil leis/léi ar eolas agat, féadfaidh tú an folíne a dhiailiú go díreach – 053 919xxxx. Féach an tAguisín leis an nós imeachta gearán chun liosta dár bpríomh-réimsí seirbhíse in ord aibítre agus de na huimhreacha folíne lena mbaineann a fháil.
- I gcomhrá leat, beimid béasach agus múinte.
- Mura mbeimid in ann do cheisteanna a fhreagairt ar an bpointe, déanfaimid nóta de do chuid sonraí agus aontóimid glaoch a chur ar ais ort ag am a oirfidh duitse.
- Má chaithfimid do ghlaoch a aistriú chuig comhghleacaí, míneoimid cén fáth. Tabharfaimid ainm agus uimhir an duine sin duit agus cinnteoimid go n-aistreofar do ghlaoch i gceart.
Comhfhreagras
- Déanfaimid gach comhfhreagras, scríofa agus leictreonach, a admháil laistigh de 5 lá oibre óna fháil.
- Tabharfaimid freagra cinnte, nuair is féidir, ar gach comhfhreagras taobh istigh de 20 lá oibre.
- Mura féidir freagra cinnte a thabhairt taobh istigh den tréimhse seo, seolfaimid freagra eatramhach chugat ag míniú an cháis. Tabharfaidh tionscnaimh Teicneolaíocht Faisnéise tacaíocht ghníomhach do na socruithe seo.
- Scríobhfaimid chugat i dteanga shimplí shoiléir agus ní úsáidfimid téarmaí teicniúla ach nuair is gá.
- Déanfar an comhfhreagras scríofa uile i gcló Arial 12.
- De ghnáth, tabharfaimid ár bhfreagraí ar an mbealach céanna ar a ndéanfar teagmháil linn i.e. freagra ríomhphoist ar fhiosrú ar ríomhphost, ach amháin má éilítear a mhalairt.
- Déanfaimid cinnte go mbeidh ainm teagmhála, uimhir theileafóin dhíreach, uimhir facs agus seoladh ríomhphoist ar na litreacha uile. Bain úsáid as na sonraí seo chun teagmháil bhreise a dhéanamh linn.
Cuairteanna ar ár nOifigí
Agus muid ag déileáil leat
- beimid béasach, múinte agus cothrom;
- feidhmeoimid go tapa, gan mhoill mhíchuí;
- feidhmeoimid i gceart, de réir an dlí nó na rialacha eile a rialaíonn do theidlíochtaí;
- feidhmeoimid go híogair ag féachaint do do phríobháideacht;
- seachnóimid claonadh bunaithe ar d’inscne, stádas pósta, stádas teaghlaigh, claonadh gnéasach, creideamh, aois, míchumas, cine, dath, bunús eitneach, cultúr, teanga, ballraíocht den Lucht Siúil, cáil nó toisc cé tú féin nó cén duine a bhfuil aithne agat air nó uirthi;
- coinneoimid ár n-oifigí glan agus sábháilte, chun a chinntiú go gcomhlíontar caighdeáin cheirde agus sábháilteachta.
Rochtain
- Má tá tú chun cuairt a thabhairt ar ár n-oifigí, beimid sásta comhairle a chur ort faoina suíomh cruinn.
- Má tá aon riachtanais speisialta agat, inis dúinn conas is féidir linn cabhrú leat roimh do chuairt, le do thoil, chun go mbeimid in ann an tseirbhís is fearr a sholáthar duit.
- Déanfar obair oiriúnaithe bhreise ar fhoirgnimh reatha chun go mbeidh rochtain ag gach duine orthu nuair is féidir. Comhlíonfaidh foirgnimh nua dea-chleachtas maidir le dearadh ar son na hinrochtaineachta chun go mbeidh rochtain uilíoch ar na foirgnimh sin.
- Déanfar comharthaíocht le haghaidh áiseanna do dhaoine faoi mhíchumas a athbhreithniú agus a fheabhsú, nuair is gá.
- Déanfaidh Oifigeach Rochtana na Comhairle socrú do sholáthar cúnaimh agus treorach do dhaoine faoi mhíchumas chun cabhrú leo rochtain a fháil ar sheirbhísí.
Is iad seo a leanas na sonraí teagmhála:
Oifigeach Rochtana, Comhairle Chontae Loch Garman, An Charraig Leathan, Loch Garman. Teil.: 053 9196418 Facs: 053 9196030 Ríomhphost: caroline.horan@wexfordcoco.ieUaireanta Oscailte
Uaireanta Ginearálta Oifige:
9.00 a.m. - 1.00 p.m.
2.00 p.m. - 5.00 p.m.
Mótarchánachas:
9.00 a.m. - 4.00 p.m.
Pleanáil:
9.30 a.m. - 4.30 p.m.
Oifig na bhFáltas:
9.00 a.m. - 12.45 p.m.
2.00 p.m. - 4.00 p.m.
Eolas
- I ngach teagmháil leat, beimid chomh cabhrach agus is féidir.
- Beimid forghníomhach maidir le heolas ar ár seirbhísí a chur ar fáil duit atá soiléir, cruinn agus tráthúil, agus a chomhlíonann riachtanais daoine le riachtanais shonracha.
- Déanfaimid iarracht a chinntiú go bhfuil gach eolas, foirm agus bileog éasca le tuiscint.
- Déanfaimid ár ndícheall rialacha, rialacháin agus nósanna imeachta a shimpliú.
- Coinneoimid taifid chuí a chuirfidh eolas soiléir, mionchruinn ar fáil.
Cuirfear eolas agus ábhair eile a tháirgeann an eagraíocht agus a tháirgtear thar ceann na heagraíochta ar fáil ar bhealach cuí agus inrochtana ag custaiméirí, lena n-áirítear i bhformáidí éagsúla cosúil le Braille, formáid fuaime agus cló mór.
Cabhróimid le custaiméirí a theastaíonn uathu a gcuid gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge agus/nó go dátheangach chomh fada agus is féidir linn. Lena chois sin, déanfaimid cinnte go dtabharfar aghaidh éifeachtúil ar bhacainní teanga, lena n-áirítear trí leas a bhaint as teangairí, agus go gcuirfear teangaireacht teanga comharthaíochta ar fáil nuair is gá. Ní mór fógra a thabhairt 2 sheachtain roimh ré ar a laghad chun teangaireacht teanga comharthaíochta a shocrú.
- Tá eolas ar ár seirbhísí uile ar fáil ar ár láithreán gréasáin, www.wexford.ie, i bhformáidí éagsúla.
- Tá gach foilseachán tábhachtach ar fáil ar ár láithreán gréasáin, www.wexford.ie.
- Tá bileoga eolais ar fáil chun cabhrú le fiosrúcháin a bhaineann le pleanáil, iasachtaí agus deontais tithíochta agus na seirbhísí leabharlainne.
- Tá roinnt foirmeacha iarratais ar fáil ar ár láithreán gréasáin, www.wexford.ie. Tá foirmeacha iarratais ar fáil ónár n-oifigí ceantair, leabharlanna brainse agus ón tseirbhís leabharlainne shoghluaiste freisin.
- Foilsítear fógraí speisialta sna nuachtáin náisiúnta agus áitiúla.
- Úsáidtear raidió áitiúil go minic chun an pobal a chur ar an eolas faoi céard atá á dhéanamh againn.
- Is féidir iarratais ar eolas a dhéanamh i bpearsain, le litir, le facs, ar theileafón nó ar ríomhphost.
Cuirfear feabhas ar sholáthar eolais don phobal trí fheachtas meáin chumarsáide áitiúil níos réamhghníomhaí a chur i gcrích agus trí bhreisfhorbairt a dhéanamh ar shaoráidí idirghníomhacha ar an láithreán gréasáin.
Cruinnithe
Cuirfimid saoráidí den scoth ar fáil do chruinnithe poiblí. A mhéid is féidir, cuirfimid ionad inrochtana ar fáil. Nuair is indéanta, déanfaimid socruithe chun saoráidí eile a chur ar fáil chun freastal ar riachtanais daoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear córas lúb ionduchtúcháin agus teangaireacht teanga comharthaíochta má iarrtar air.
Comhionannas agus Éagsúlacht
Tá Comhairle Chontae Loch Garman tiomanta do chomhionannas deiseanna a chur chun cinn le haghaidh a custaiméirí uile, freastal ar éagsúlacht, agus gach iarracht réasúnta a dhéanamh chun freastal ar riachtanais daoine faoi mhíchumas nuair atá seirbhísí á soláthar aici. Cosnaíonn na hAchtanna um Stádas Comhionann 2000 go 2004 ár gcustaiméirí ó idirdhealú, ciapadh agus ciapadh gnéasach agus iad ag fáil rochtana ar sheirbhísí na Comhairle, lena n-áirítear seirbhísí tithíochta. Déileálann na hAchtanna um Stádas Comhionann le hidirdhealú ar naoi bhforas – inscne, stádas pósta, stádas teaghlaigh, claonadh gnéasach, creideamh, aois, míchumas, cine, ballraíocht den Lucht Siúil. Ní ghlacann an Chomhairle le haon chineál idirdhealaithe agus ní ligfear leis.
Déanfaidh an Chomhairle iarracht a chinntiú nach mbeidh custaiméirí faoi mhíchumas eisiata ag bacainní, lena n-áirítear bacainní fisiceacha, córasacha, cumarsáide agus dearcaidh.
Is féidir tuilleadh eolais ar na hAchtanna um Stádas Comhionann 2000 go 2004 a fháil ó sheirbhís eolais an Údaráis Chomhionannais.
Íosghlao: 1890 245 545 Teil: 01 4173333
Comhairliúchán
Tá dualgas ar Chomhairle Chontae Loch Garman freastal ar a custaiméirí agus seirbhísí a sheachadadh agus a feidhmeanna a dhéanamh go héifeachtach agus go héifeachtúil. Is gné riachtanach den phróiseas sin é comhairliúchán a dhéanamh lenár gcustaiméirí.
Táimid tiomanta do chomhairliúchán a dhéanamh lenár gcustaiméirí chun rannpháirtíocht a mbaineann brí leis don chustaiméir a chinntiú maidir le seirbhísí a fhorbairt, a sheachadadh agus a athbhreithniú. Cuirfimid fáilte mhór roimh aiseolas ónár gcustaiméirí. Is féidir leat dul i dteagmháil linn i bpearsain, tríd an bpost, ar theileafón, facs nó ríomhphost. Tá ár sonraí teagmhála ar fáil ag deireadh an Phlean Gníomhaíochta seo.
Aithnítear na baill foirne uile mar chustaiméirí inmheánacha agus rachfar i gcomhairle leo maidir le saincheisteanna seachadta seirbhíse. Tá ról tábhachtach ag Comhpháirtíocht san Ionad Oibre i ndáil le comhairliúchán foirne.
Comhairliúchán Leanúnach
- Buaileann Oifigeach Cóiríochta an Lucht Siúil agus ár nOibrithe Sóisialta le pobal an Lucht Siúil go rialta chun a riachtanais a phlé agus chun obair a dhéanamh leis na riachtanais sin a chomhlíonadh ar shlí phraiticiúil.
- Déanann ár mbaill tofa dlúthobair le heagraíochtaí áitiúla, leis na pobail ghnó agus feirmeoireachta agus le grúpaí forbartha nuair atá beartas á chumadh trí mheán na gCoistí um Beartas Straitéiseach.
- Leagann an Bord Forbartha Contae béim láidir ar an tábhacht a bhaineann le hionchur ó ionadaithe pobail agus ó ghníomhaireachtaí eile agus é ag iarraidh seachadadh seirbhísí a fheabhsú agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn, lena n-áirítear i ndáil le daoine faoi mhíchumas.
- Déanann an tSeirbhís Leabharlainne agus an Oifig Ealaíon go leor oibre i gcomhairle le pobail áitiúla agus tugann siad tacaíocht nach beag do thionscadail i dtéarmaí eolais, riaracháin agus comhordaithe.
- Bíonn ár nOifigeach Rochtana ag déanamh comhairliúcháin le grúpaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas i ndáil le hinrochtaineacht foirgneamh poiblí, seirbhísí agus eolais.
- Déanann ár bhfoireann suirbhéanna ar chustaiméirí ó am go ham agus tugann siad aird ar aon aiseolas chun cabhrú leo feabhas a chur ar sheirbhís do chustaiméirí.
- Eagraíonn ár bhfoireann comhairliúchán poiblí foirmiúil lenár gcustaiméirí de réir mar is gá.
Rogha agus Comhordú Seirbhísí
Mar chuid de thiomantas Chomhairle Chontae Loch Garman d’athbhreithniú agus feabhsú leanúnach a cuid seirbhísí, ag tabhairt airde ar riachtanais a custaiméirí, cuireann sí na nithe seo a leanas ar fáil –
- Rogha de mhodhanna íocaíochta cuntas, lena n-áirítear íoc le cártaí creidmheasa/dochair nó tríd an gcóras GIRO/Billpay ag gach Oifig an Phoist áitiúil nó Pointe Íocaíochta sna miondíolaí ina bhfuil an seirbhís seo ar fáil. Is féidir sonraí de Billpay a fháil i mbileog ar fáil ag Halla an Chontae, gach Oifig Ceantair agus ar ár láithreán gréasáin, www.wexford.ie.
- Seirbhís cuntas ar líne do chustaiméirí a chuireann ar chumas féichiúnaithe na Comhairle a gcuntais a íoc agus a fheiceáil ar líne.
- Oscailt oifigí roghnaithe ag am lóin: Mótarchánachas – ar oscailt gach lá ó 9 a.m. go 4 p.m. Luan go hAoine. Pleanáil – ar oscailt gach lá ó 9.30 a.m. go 4.30 p.m. Luan go hAoine.
- Seirbhísí a dhílárú ó Cheanncheathrú Halla an Chontae chuig gach toghcheantar agus comhchuibhiú breise seachadta seirbhíse idir na hÚdaráis Bhaile agus an Chomhairle Chontae. Tabharfaidh tionscnaimh Teicneolaíocht Faisnéise tacaíocht ghníomhach do na forbairtí seo.
- Seirbhísí a chomhordú trí straitéis 10 mbliana an Bhoird Forbartha Contae a bhaineann leis an gcontae uile ar a dtugtar “Remodelling the Model County” : Straitéis d’Fhorbairt Eacnamaíoch, Shóisialta agus Chultúrtha Chontae Loch Garman 2002 - 2012, a chur i bhfeidhm.
Déanfar athbhreithnithe agus leasuithe leanúnacha ar an bPlean Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí.
Nósanna Imeachta Gearán agus Achomharc
Tá Comhairle Chontae Loch Garman tiomanta do sheirbhís den chéad scoth a sholáthar ar bhealach oscailte agus trédhearcach le cúirtéis agus le híogaireacht. Ó am go ham, b’fhéidir nach gcuirfimid seirbhísí ar fáil ar na caighdeáin arda a bhíonn tú ag tnúth leo. Mura bhfuil tú sásta leis an tseirbhís a chuirimid ar fáil, nó le cinneadh a rinneamar, ba chóir duit é sin a chur in iúl dúinn agus déileálfaimid leis an gcás go sciobtha, go neamhchlaonta agus faoi rún.
Leagann an méid seo a leanas amach nósanna imeachta na Comhairle chun déileáil le Gearáin/Achomhairc –
Cé na saincheisteanna atá clúdaithe?
Baineann an nós imeachta seo le gearáin nó achomhairc a bhaineann le moilleanna, botúin, cinntí, leibhéal seirbhíse nó teip riachtanais an Phlean Earnála faoin Acht um Míchumas 2005 a chomhlíonadh.
Cé na saincheisteanna nach bhfuil clúdaithe?
Níl feidhm ag an nós imeachta seo maidir leo seo a leanas –
- ábhair a mbaineann ceart achomhairc reachtúil leo e.g. cinntí pleanála, cinntí saorála faisnéise;
- iarratais ar eolas.
Cé leis/léi a dhéanfaidh mé teagmháil chun gearán nó achomharc a dhéanamh?
- Ar dtús, ba chóir duit aird na foirne sa roinn i gceist a tharraingt ar an ábhar. Ba chóir duit a mhéid eolais is féidir a sholáthar. Déanfaidh an fhoireann iarracht an scéal a réiteach go sciobtha. I bhformhór na gcásanna, is féidir teacht ar réiteach ar dhíospóidí, míthuiscintí agus botúin ar an mbealach seo.
- Mura féidir lenár bhfoireann an t-ábhar a réiteach, nó mura bhfuil tú sásta lena bhfreagra, is féidir leat scríobh chuig an Oifigeach Sinsearach atá freagrach as an tseirbhís a dhéanfaidh athscrúdú ar do ghearán agus a chuirfidh tú ar an eolas faoin toradh air. Déanfar na gearáin uile a admháil laistigh de 5 lá oibre ó iad a fháil.
- De ghnáth, eiseofar cinneadh laistigh de 20 lá oibre ó fhaightear gearán. I líon beag cásanna, beidh tréimhse níos faide riachtanach. Má tharlaíonn sé sin i do chás, cuirfimid agus coinneoimid ar an eolas thú.
- Má tharlaíonn sé nach bhfuil tú sásta leis an bhfreagra fós, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Rúnaí Contae agus eagróidh sé/sí athbhreithniú.
Is iad seo a leanas na sonraí teagmhála:
An Rúnaí Contae, Comhairle Chontae Loch Garman, An Charraig Leathan, Loch Garman. Teil.: 053 9196259 Facs: 053 9196065 Ríomhphost: niall.mcdonnell@wexfordcoco.ie
Déanfaidh ball sinsearach foirne nach raibh baint aige/aici leis an gcéad chinneadh an t-athbhreithniú. Críochnófar é laistigh de 15 lá oibre ó fhaightear an t-achomharc.
Mura bhfuil tú sásta fós, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le hOifig an Ombudsman. Déanfaidh an Oifig sin scrúdú iomlán neamhspleách ar an ábhar.
Is iad seo a leanas na sonraí teagmhála:
Oifig an Ombudsman, 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2. Teil.: 01 6395600 Íosghlao: 1890 223 030 Facs: 01 6395674 Ríomhphost: ombudsman@ombudsman.gov.ie Láithreán Gréasáin: www.ombudsman.ie
Cé leis/léi a dhéanfaidh mé teagmháil chun gearán a dhéanamh faoin Acht um Míchumas 2005?
Má theastaíonn uait gearán a dhéanamh faoi theip na Comhairle riachtanais leagtha amach in ailt 25-29 den Acht um Míchumas 2005 a chomhlíonadh i.e. inrochtaineacht fhoirgnimh phoiblí na Comhairle; inrochtaineacht láithreáin oidhreachta faoi úinéireacht, bainistíocht nó smacht na Comhairle; príomhshruthú seirbhísí; soláthar eolais nó cúnaimh do dhaoine faoi mhíchumas chun cabhrú leo rochtain a fháil ar sheirbhísí, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an Rúnaí Contae. Iarrtar ort a mhéid faisnéise agus is féidir a sholáthar ón tús. Féadann céile, tuismitheoir, gaol, caomhnóir nó duine eile ag feidhmiú in ionad tuismitheora, ionadaí dlíthiúil nó abhcóide pearsanta sannta duit ag an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh gearán a dhéanamh thar do cheann. Déanfaidh an Rúnaí Contae iniúchadh agus cuirfear ar an eolas thú faoi thorthaí an iniúchta sin.
Is iad seo a leanas na sonraí teagmhála:
An Rúnaí Contae, Comhairle Chontae Loch Garman, An Charraig Leathan, Loch Garman. Teil.: 053 9196259 Facs: 053 9196065 Ríomhphost: niall.mcdonnell@wexfordcoco.ie
Mura bhfuil tú sásta le toradh an iniúchta, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hOifig an Ombudsman. Déanfaidh an Oifig sin scrúdú iomlán neamhspleách ar an ábhar.
Is iad seo a leanas na sonraí teagmhála:
Oifig an Ombudsman, 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2. Teil.: 01 6395600 Íosghlao: 1890 223 030 Facs: 01 6395674 Ríomhphost: ombudsman@ombudsman.gov.ie Láithreán Gréasáin: www.ombudsman.ie
Cé leis/léi a dhéanfaidh mé teagmháil chun éileamh d’idirdhealú a dhéanamh faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann 2000 go 2004?
Ní mór duit an Chomhairle a chur ar an eolas, i scríbhinn, laistigh de dhá mhí ón uair dheireanach a tharla an t-idirdhealú. Níl d’éileamh bailí mura ndéanann tú é sin. Ní mór don fhógra cineál an éilimh agus an rún sásamh a lorg a chur in iúl. Féadtar ceisteanna a chur san áireamh san fhógra chun eolas a fháil a bhaineann le do chás. Is féidir leat foirm ES.1 a úsáid, atá ar fáil ar iarratas ón mBinse Comhionannais, 3 Sráid Chluain Meala, BÁC 2.
Teil.: 01 477 4100 Íosghlao: 1890 34 44 24 Facs: 01 477 4141 Ríomhphost: info@equalitytribunal.ie Láithreán Gréasáin: www.equalitytribunal.ie
Ba chóir aighneachtaí a sheoladh chuig –
An Rúnaí Contae, Comhairle Chontae Loch Garman, An Charraig Leathan, Loch Garman.
Mura fhaigheann tú freagra, nó mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra, féadfar an t-éileamh a tharchur chuig an mBinse Comhionannais. Ní mór é sin a dhéanamh laistigh de shé mhí ó tharla an t-idirdhealú. Is féidir leat foirm ES.1 a úsáid, atá ar fáil ar iarratas ón mBinse Comhionannais, 3 Sráid Chluain Meala, BÁC 2.
Teil.: 01 477 4100 Íosghlao: 1890 34 44 24 Facs: 01 477 4141 Ríomhphost: info@equalitytribunal.ie Láithreán Gréasáin: www.equalitytribunal.ie
Déanfaidh an Rúnaí Contae monatóireacht agus iar-obair ar an gcás i ndiaidh gearáin ionas nach dtarlóidh idirdhealú arís.