Réamhrá |
|
|
|
Tá Comhairle Chontae Loch Garman mórtasach an deis seo a bheith aici a céad chatalóg bailiúcháin ealaíne a fhoilsiú. Is bailiúchán den scoth é seo gan dabht agus tá saothar ealaíne ann ó réimse ealaíontóirí suimiúla, go leor acu de bhunadh ár gContae féin. Bhain traidisiún na healaíne go láidir le Contae Loch Garman agus táimidne i gComhairle Chontae Loch Garman tiomanta é a chaomhnú agus a fhorbairt. Tá cáil mhór bainte amach ag ár gcontae as a bheith núálach agus fadbhreathnaitheach maidir le cur chuige forghníomhach agus tiomanta a ghlacadh i leith fhorbairt na n-ealaíon agus is toradh amháin é ár mBailiúchán Ealaíne atá ag síor leathnú ar an tiomantas sin. Ó bunaíodh an Roinn Ealaíon i 1994, cheap an Chomhairle painéal roghnóirí chun saothair nua a cheannach dá bailiúchán. Tagann an bailiúchán sin lenár bpolasaí an tábhacht a bhaineann leis an ealaíontóir cruthaitheach aonair sa tsochaí a aithint agus cuirtear leis an eolas agus leis an tuiscint maidir leis na hamharcealaíona agus cuireann leis an rochtain chucu. Is ceiliúradh é an foilseachán seo ar an luach a chuirimid leis an ealaín agus le halaíontóirí chomh maith leis an talann ealaíne laistigh dár gcontae féin agus lasmuigh den chontae a thabhairt le chéile. Bhain Comhairle Chontae Loch Garman sásamh i gcónaí as deis a thabhairt dá foireann agus don phobal a bhaineann leas as Hall an Chontae buntáiste a bhaint as saothair ealaíne. Ní hamháin go gcuireann foilseachán den chaighdeán seo le heolas an mbailiúchán féin ach freisin cuireann sé lenár mórtas as na healaíona laistigh dár gcontae féin. Is baile bríomhar, beomhar, cultúrtha é baile Loch Garman a bhfuil ról níos mó agus níos mó anois ag na healaíona sa saol laethúil ann. Tá pleananna ann amach anseo an bailiúchán a thabhairt os comhair lucht féachana níos leithne trí thurais a eagrú chomh maith le cainteanna agus léachtaí bainteacha laistigh de Halla an Chontae agus an bailiúchán a thabhairt chuig ionaid eile mar leabharlanna agus áiteanna poiblí oiriúnacha. Chomh maith leis sin leanfaimid ag meas conas is fearr athbhreithniú a dhéanamh ar ár bpolasaí ceannaigh chun ár dtiomantas leanúnach cur leis an mbailiúchán agus é a leathnú a bhaint amach. Is mór ag Comhairle Chontae Loch Garman an foilseachán mar bhailiúchán ar mhór-shaothair ealaíne agus freisin mar cháipéis stairiúil luachmhar. Táimid bródúil as a bhfuil bainte amach againn agus tá súil againn go mbainfidh an té a bhainfidh leas as an bhfoilseachán seo sásamh breá as. An Comhairleoir Lorcan Allen, Cathaoirleach, Comhairle Chontae Loch Garman An tUasal Eddie Breen, Bainisteoir Contae, Comhairle Chontae Loch Garman |